Plean Straitéiseach an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh 2015-2018
Leagtar amach sa straitéis seo conas a chuirfimid feabhas ar rochtain saoránach ar fhaisnéis, comhairle, comhairle airgid agus abhcóideacht ardchaighdeáin i gcaitheamh na chéad trí bliana amach romhainn. Tá an straitéis in ainm is a chinntiú go bhfreastalaíonn an BFS agus ár seirbhísí soláthair ar riachtanais saoránach i gcaitheamh na chéad trí bliana amach romhainn ar an mbealach is éifeachtaí i dtaobh cúrsaí eagraíochtúla agus geilleagracha.
Is é ár misean do thréimhse an Phlean Straitéisigh: "feabhas a chur ar rochtain saoránach ar fhaisnéis, comhairle, comhairle airgid, agus abhcóideacht chomhsheasmhach agus ardchaighdeáin chun freastal ar a riachtanais, anois agus amach anseo."
Tosaíochtaí Straitéiseacha
Tosaíocht A: Seirbhísí ardchaighdeáin comhsheasmhacha a sholáthar do shaoránaigh, lena dtacaíonn meicníochtaí daingne um dhearbhú cáilíochta
Tosaíocht B: Athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúir BFSanna agus an SBCA chun freastal níos fearr a dhéanamh ar an saoránach trí fheabhas a chur ar struchtúir bainistíochta agus rialachais, bainistíocht acmhainní agus seirbhísí a bhaineann caighdeáin arda amach go comhsheasmhach a sholáthar; áirítear leis seo struchtúir an BFS a ailíniú dá réir chun úsáid éifeachtach a bhaint as acmhainní a uasmhéadú
Tosaíocht C: Idirghabháil spriocdhírithe a sholáthar chun tacú le riachtanais ár saoránach atá i gcásanna an-leochaileacha trí sheirbhísí speisialaithe
Tosaíocht D: An fheasacht ar an réimse seirbhísí a sholáthraíonn an BFS agus ár seirbhísí soláthair a fheabhsú, go háirithe i dtaobh inrochtaineacht saoránach ar sheirbhísí
Tosaíocht E: Saincheisteanna buartha a thabhairt chun solais ionas go bhfeabhsaítear beartas agus riarachán seirbhísí poiblí ar bhonn leanúnach
Tosaíocht F: Leanúint lenár ndream a fhorbairt – an fhoireann, oibrithe deonacha, comhaltaí boird – trí thacaíochtaí cuí Béim ar leith a leagan ar an bpríomhról a chruthóidh obair dheonach mar chuid dár straitéis leanúnach.
Plean Straitéiseach an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh 2015-2018 (Béarla).pdf
.docx
Plean Straitéiseach an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh 2015-2018 (Gaeilge).pdf
.docx