Maidir Linn

Is é an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh (BFS) an comhlacht reachtúil atá freagrach as tacú le soláthar faisnéise, comhairle agus abhcóideachta faoi réimse leathan seirbhísí poiblí agus sóisialta. Cuireann sé an láithreán gréasáin um Fhaisnéis do Shaoránaigh www.citizensinformation.ie ar fáil agus tacaíonn sé le líonra deonach na nIonad Faisnéise do Shaoránaigh agus leis an tSeirbhís Teileafóin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0818 07 4000. Cuireann sé maoiniú agus tacaíocht ar fáil freisin don tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS) 0818 07 2000.

Tá an Bord á rialú ag an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008, ag an Acht um Fhaisnéis do Shaoránaigh 2007 (pdf) agus ag an Acht um Chomhairle 2000 agus tá sé faoi shainchúram na Roinne Gnóthai Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí. Seo a leanas sainordú an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh, de réir mar atá sainmhínithe sna hAchtanna: