Ráiteas príobháideachais

Ráiteas príobháideachais

Ní bhaineann an ráiteas seo ach lenár gcleachtais phríobháideachais a bhaineann leis an suíomh gréasáin seo.

Tá tuilleadh faisnéise maidir le cosaint sonraí le fáil ón mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh, agus ó na cuideachtaí atá á maoiniú againn, sna Fógraí Cosanta Sonraí ar citizensinformationboard.ie.

Tá an suíomh gréasáin citizensinformationboard.ie á chothabháil ag An Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh, gníomhaireacht reachtúil atá lonnaithe i dTeach Ché Sheoirse, Sráid Chnoc na Lobhar, Baile Átha Cliath 2.

Soláthraímid nó tacaímid le soláthar faisnéise, comhairle, seirbhísí comhairle agus tacaíochta airgid. Tá raon eagraíochtaí á maoiniú againn, lena n-áirítear Faisnéis do Shaoránaigh, Seirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS), Seirbhís Teileafóin Faisnéis do Shaoránaigh, an tSeirbhís Abhcóideachta Náisiúnta do Dhaoine faoi Mhíchumas (NAS) agus Seirbhís Ateangaireachta Teanga Chomharthaíochta (SLIS). Chomh maith leis sin, táimid freagrach as an suíomh gréasáin citizensinformation.ie a sholáthar.

Déantar cur síos sa ráiteas seo ar conas a phróiseálfaimid aon sonraí a bhaileoimid uait tríd an suíomh gréasáin seo.

fógra Fianán ar leith againn, ina dtugtar faisnéis duit maidir leis na fianáin atá ar ár suíomh gréasáin ionas gur féidir leat cinneadh eolasach a dhéanamh maidir le glacadh nó diúltú d’fhianáin den chineál sin.

Chun críche Achtanna um Chosaint Sonraí 1988-2018, is é an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh an rialaitheoir sonraí.

Chomh maith leis sin, tá raon cainéal meán sóisialta corparáideach á bhainistiú ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh agus tá ár mbeartais le fáil ar citizensinformationboard.ie.

Bailiú agus úsáid faisnéise pearsanta

Nuair a thugann tú cuairt ar citizensinformationboard.ie, bailítear raon faisnéise, lena n-áirítear:

Céard le haghaidh a úsáidimid an fhaisnéis?

Úsáidimid an fhaisnéis seo chun críocha staitistiúla agus tuairiscithe, chun an suíomh gréasáin a fheabhsú.

Seirbhísí tríú páirtí ar citizensinformation.ie

Úsáideann an suíomh gréasáin citizensinformation.ie Google Analytics agus bogearraí Matomo.

Úsáideann an suíomh gréasáin seo Google Analytics chun faisnéis a bhailiú faoi conas a úsáideann cuairteoirí chuig citizensinformation.ie an suíomh gréasáin. Tá seirbhís Google Analytics socraithe againn le ardchosaintí príobháideachais ionas nach gcoimeádfaidh Google do sheoladh IP iomlán agus nach bhfuil cead aige aon sonraí a bhailítear a roinnt. Tá tuilleadh faisnéise maidir le Google Analytics le fáil inár 'Polasaí fianán'. Lorgóimid toiliú uait roimh fhianáin Google Analytics a shocrú agus ní bhailímid faisnéis maidir le do chuairt trí Google Analytics mura dtugann tú an toiliú seo dúinn.

Féadfaidh Google sonraí a stóráil ar fhreastalaithe lasmuigh den Aontas Eorpach nó den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Tá cosaintí oiriúnacha bunaithe againn chun príobháideachas agus sláine na sonraí seo a chosaint.

Tá Polasaí Príobháideachais Google le fáil ar https://policies.google.com/privacy.

Chomh maith leis sin, úsáideann an suíomh gréasáin seo bogearra ar a dtugtar Matomo chun faisnéis a bhailiú faoi conas a úsáideann cuairteoirí chuig citizensinformationboard.ie an suíomh gréasáin. Tá Matomo á óstáil ar fhreastalaí de chuid an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh.

Tá áis comhrá gréasáin ar a dtugtar 'Live Advisor’ le fáil ar an suíomh gréasáin seo freisin, atá dírithe ar dhaoine ag a bhfuil deacrachtaí éisteachta agus urlabhra agus daoine a bhfuil deacrachtaí acu cumarsáid a dhéanamh ar an teileafón. Tá ‘Live Advisor’ á reáchtáil ag Seirbhís Teileafóin Faisnéis do Shaoránaigh. Tá sonraí maidir le cleachtais chosanta sonraí Sheirbhís Teileafóin Faisnéis do Shaoránaigh le fáil inár Fógraí Cosanta Sonraí.

Naisc ar citizensinformationboard.ie

Má chliceálann tú ar chnaipí nó naisc ar shuíomhanna nó seirbhísí tríú páirtí nuair atá úsáid á baint agat as an suíomh gréasáin citizensinformationboard.ie, atreorófar tú chuig suíomh seachtrach, ag a bhfuil a pholasaithe fianán agus príobháideachais féin nach bhfuil aon smacht againne orthu.

Óstáil

Tá citizensinformationboard.ie á óstáil ar fhreastalaí atá á choimeád ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh.

Seirbhís Teileafóin Faisnéis do Shaoránaigh

Is é Seirbhís Teileafóin Faisnéis do Shaoránaigh (CIPS), cuideachta atá á maoiniú ag agus a bhfuil an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh ag tacú léi, a fhreagraíonn glaonna chuig an uimhir theileafóin 0818 07 4000. Tá sonraí maidir le cleachtais phríobháideachais CIPS le fáil ar an suíomh gréasáin citizensinformationboard.ie

Fianáin

Úsáideann citizensinformationboard.ie fianáin atá riachtanach lena chinntiú go n-oibríonn an suíomh gréasáin. Is féidir leat fianáin roghnacha a úsáid freisin. Cabhraíonn na fianáin seo linn conas a úsáideann cuairteoirí an suíomh gréasáin a thuiscint agus úsáid agus feidhmiúlacht an tsuímh gréasáin a fheabhsú.

Is féidir leat do shainroghanna fianán a athrú am ar bith trí chliceáil ar an nasc 'Bainistigh Sainroghanna Fianán' sa bhuntásc ar gach leathanach den suíomh gréasáin seo. Tá faisnéis mhionsonraithe maidir leis na fianáin a úsáidimid agus an aidhm atá leo inár Fógra fianán.

Tuilleadh faisnéise nó conas iarratas a dhéanamh

Má tá imní ort maidir le conas a bheidh do shonraí pearsanta á bpróiseáil tríd an suíomh gréasáin seo, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach um Chosaint Sonraí:

Stephanie McKeown
Citizens Information Board
Ground Floor
George's Quay House
43 Townsend St
Dublin 2

Telephone: 0818079000

Email: dataprotection@ciboard.ie

Gluais téarmaí teicniúla úsáidte

Brabhsálaí gréasáin

An píosa bogearra a úsáideann tú chun leathanaigh ghréasáin a léamh. Is samplaí iad Google Chrome, Mozilla Firefox, Safari agus Opera.

Seoladh IP

Sonraí aitheantais do ríomhaire (nó ríomhaire do chuideachta idirlín), arna léiriú i gcód prótacail idirlín (192.168.72.34, mar shampla). Tá seoladh IP ar leith ag gach ríomhaire atá nasctha leis an ngréasán, ainneoin nach gá gurb ionann an seoladh gach uair a dhéantar nasc.

Page edited: 25 May 2021