Ár Struchtúr

Tacaíonn an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh seachadadh na faisnéise trí na trí chainéal: ar líne, ar an nguthán agus duine ar dhuine. Anuas ar sin, tá an BFS freagrach as an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid a sholáthar.

Féadfaidh an pobal faisnéis chomhtháite a rochtain go díreach tríd an láithreán gréasáin um Fhaisnéis do Shaoránaigh. Cuireann an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh (an SGFS) seirbhís ghutháin ar fáil agus cuireann an líonra náisiúnta Seirbhísí um Fhaisnéis do Shaoránaigh (SFSanna) an tseirbhís duine ar dhuine ar fáil trí Ionaid um Fhaisnéis do Shaoránaigh.

Sa mhír seo, tagraítear don SGFS, na SFSanna agus don SBCA mar ‘comhpháirtithe soláthair seirbhíse’. Baineann ríthábhacht leis na cainéil seo lena chinntiú go mbíonn rochtain ag an bpobal ar sheirbhísí faisnéise, comhairle, abhcóideachta.

Chun tabhairt faoina bhfeidhmeanna, tá na foirne seirbhíse a leanas ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh:

Foireann Abhcóideachta

Tá an fhoireann Abhcóideachta freagrach as an tSeirbhís Náisiúnta Abhcóideachta do Dhaoine faoi Mhíchumas agus forbairt na habhcóideachta sna Seirbhísí Faisnéise do Shaoránaigh ina n-áirítear Clár Oibrí Tacaíochta Abhcóideachta.

Foireann Airgeadais agus Riaracháin

Tá an fhoireann Airgeadais agus Riaracháin freagrach as cúrsaí agus nósanna imeachta airgeadais CIB, d’áitrimh CIB agus do thacaíocht timpeall ar áitrimh do pháirtithe seachadta seirbhíse.

Foireann AD agus Rialachais

Tá an fhoireann AD agus Rialachais freagrach as:

ICT agus an Oifig Bhainistíocht Tionscadail

Tá an fhoireann ICT agus an Oifig Bhainistíocht Tionscadail freagrach as Faisnéis Theicneolaíochta an CIB (crua-earraí, bogearraí, teileafónaíocht agus seirbhísí deasc chabhrach)

Foireann Acmhainní Faisnéise

Tá an Fhoireann Acmhainní Faisnéise freagrach as foilseacháin CIB agus do na suímh ghréasáin citizensinformation.ie, assistireland.ie, keepingyourhome.ie agus gettingbacktowork.ie.

D’fhoilsigh an fhoireann seo House Style Guide (Word)word document icon (pdf)pdf document icon aguus, ar leithligh, Scríbhinn do threoir www.citizensinformation.ie. Imlíníonn na foilseacháin seo ár gcaighdeán gramadaí, poncaíochta agus úsáid na teanga, ina n-áirítear treoirlínte a chinntíonn cruinneas, fíorú agus rochtain ar ár n-ábhar.

Foireann Cháilíochta

Tá an fhoireann cháilíochta freagrach as a chinntiú go bhfaigheann ár n-úsáideoirí seirbhíse seirbhísí d’ardchaighdeán go seasta a fhreastalaíonn ar a riachtanais agus a gceanglais aonair.

Áirítear ina freagrachtaí:

Foireann Seachadta Seirbhíse

Tá an fhoireann Seachadta Seirbhíse freagrach as úsáid éifeachtach agus éifeachtúil acmhainní chun seirbhísí d’ardchaighdeán a sheachadadh chuig ár gcustaiméirí. Áirítear ina freagrachtaí:

Foireann Pholasaí Sóisialta agus Taighde

Tá an fhoireann Pholasaí Sóisialta agus Taighde freagrach as ról aiseolais pholasaí sóisialta an CIB a fhorbairt agus tabhairt faoi thaighde gaolmhar ar mhúnlaí soláthar faisnéise, comhairle agus aighneachta. Bailíonn agus déanann an fhoireann anailís ar fhaisnéis agus ar shonraíocht ar chúrsaí pholasaí sóisialta ó pháirtithe seachadta seirbhíse, forbraíonn sí faisnéis ar éifeachtúlacht an pholasaí sóisialta agus seirbhísí reatha, aibhsíonn sí saincheisteanna atá mar ábhar imní d’úsáideoirí na seirbhísí do lucht déanta beartas, forbraíonn sí aiseolas pholasaí sóisialta agus ullmhaíonn sí tuairiscí agus iarratais ar bhonn fianaise sa réimse seo.

Foireann Oiliúna

Is í aidhm an fhoireann oiliúna ná a chinntiú go bhfuil gach a oibríonn sa líonra seachdta seirbhíse CIB oilte chun an caighdeán atá riachtanach chun seirbhísí cháilithe a chur ar fáil.