Conas Gearán a Dhéanamh

Gearán faoi eagraíocht atá cistithe ag an BFS

Má bhaineann do ghearán le Seirbhís um Fhaisnéis do Shaoránaigh (SFSanna), an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (an SBCA), an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh (an SGFS), Seirbhís Ateangaireachta na Teanga Chomharthaíochta (an SATC), an tSeirbhís Náisiúnta Abhcóideachta do Dhaoine atá faoi Mhíchumas (an SAN):

Céim 1
  1. Féadfaidh tú do ghearán a dhéanamh go díreach le bainisteoir na seirbhíse i scríbhinn nó i bpearsan.
    • CIS – déan teagmháil leis an mBainisteoir Réigiúnach
    • MABS – déan teagmháil leis an mBainisteoir Réigiúnach
    • NAS – déan teagmháil le Bainisteoir na Seirbhíse Abhcóideachta Náisiúnta
    • CIPS – déan teagmháil le Bainisteoir CIPS
    • SLIS – déan teagmháil le Bainisteoir SLIS
  2. Má bhaineann do ghearán leis an mbainisteoir, ba cheart duit do ghearán a dhéanamh i scríbhinn le Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta.
  3. Déanfar gach iarracht do ghearán a réiteach ag an gcéad phointe teagmhála, más féidir.
  4. Aithneofar do ghearán i scríbhinn laistigh de chúig lá oibre.
  5. Déileálfar leis laistigh de 15 lá oibre ón dáta a aithníodh é.
  6. Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagairt ón mbainisteoir, ba cheart duit do ghearán a dhéanamh i scríbhinn le Bord Bainistíochta na heagraíochta atá cistithe ag an BFS a dhéanfaidh do ghearán a athbhreithniú agus a réiteach, más féidir leo.
Céim 2
  1. 1.Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagairt ón mBord Bainistíochta, is féidir leat an cheist a achomharc i scríbhinn leis an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh. Tabhair faoi deara, le do thoil, go gcaithfidh achomhairc leis an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh baint leis an tseirbhís a chuireann an eagraíocht chistithe ar fáil. Ní scrúdóidh an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh achomhairc a bhaineann le hoibríochtaí na heagraíochta cistithe, mar shampla, ceisteanna Acmhainní Daonna, ceisteanna um chosaint sonraí agus ceisteanna a bhaineann le hoibriú go deonach san áireamh.
  2. Ní féidir éisteacht le hachomharc ach go dtí gur tugadh céim 1 thuas chun críche.
  3. Chun achomharc a dhéanamh, ba cheart duit scríobh nó ríomhphost a sheoladh chuig: Oana Luca, Riarthóir Gearán, an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh, Teach Ché Sheoirse, 43 Shráid Chnoc na Lobhar, Baile Átha Cliath 2. Ríomhphost: Oana.Luca@ciboard.ie.

Gearán faoi chomhalta foirne an BFS

Má bhaineann do ghearán le comhalta foirne an BFS:

Céim 1
  1. Ba cheart duit do ghearán a dhéanamh i scríbhinn leis an Riarthóir Gearán a thabharfaidh ar aird an bhainisteora ábhartha é.
  2. Má bhaineann do ghearán leis an mBainisteoir, tabharfaidh an Riarthóir Gearán é ar aird an Bhainisteora Shinsearaigh ábhartha.
  3. Déanfar gach iarracht do ghearán a réiteach ag an gcéad phointe teagmhála, más féidir.
  4. Aithneofar do ghearán i scríbhinn laistigh de chúig lá oibre.
  5. Déileálfar leis laistigh de 15 lá oibre ón dáta a aithníodh é.
Céim 2
  1. Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagairt ón mBainisteoir, féadfaidh tú an cheist a achomharc i scríbhinn leis an mBainisteoir Sinsearach.
  2. Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagairt ón mBainisteoir Sinsearach, féadfaidh tú an cheist a achomharc i scríbhinn leis an bPríomhfheidhmeannach. Cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Phríomhfheidhmeannaigh.
  3. Ní féidir éisteacht le hachomharc ach go dtí gur tugadh céim 1 thuas chun críche.
  4. Chun achomharc a dhéanamh, ba cheart duit scríobh nó ríomhphost a sheoladh chuig: Oana Luca, Riarthóir Gearán, an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh, Teach Ché Sheoirse, 43 Shráid Chnoc na Lobhar, Baile Átha Cliath 2. Ríomhphost: Oana.Luca@ciboard.ie.
Céim 3

Mura réitítear do ghearán, féadfaidh tú iarraidh ar an Ombudsman chun an cheist a fhiosrú. https://www.ombudsman.ie/contact/

Gearáin faoin Acht um Míchumas (teip ar alt 25, 26, 27, 28, 29 den Acht seo a chomhlíonadh)

Céim 1