Reachtaíocht maidir leis an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh

Bunaíodh an eagraíocht mar chomhlacht reachtúil faoin Acht um Chomhairle 2000. Leasaíodh an tAcht ag an Acht um Fhaisnéis do Shaoránaigh 2007 (pdf) pdf document icon a d'athraigh ainm na heagraíochta go dtí an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh agus ag an Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2011 a d’athraigh na rialacha le haghaidh ballraíochta an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh.

Leagann an tAcht um Fhaisnéis do Shaoránaigh 2007 síos an forbairt seirbhíse abhcóideachta do dhaoine faoi mhíchumas agus conas a dhéanfaidh an Bord cinneadh faoi na téarmaí agus na coinníollacha ina gcuirfidh na Seirbhísí um Fhaisnéis do Shaoránaigh agus eagraíochtaí deonacha eile faisnéis, comhairle agus seirbhísí abhcóideachta ar fáil. I 2008 rinne an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008 (pdf) pdf document icon leathnú ar na n-achtanna a bhí ann cheana chun go mbeadh an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh freagrach as an tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid.