Saoráil Faisnéise

Tháinig ceanglais na reachtaíochta um Shaoráil Faisnéise (SF) i bhfeidhm ar an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh, mar Chomhairle, ón 1 Deireadh Fómhair 2001. Leagann an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997 dualgais éagsúla ar chomhlachtaí poiblí agus ar chomhlachtaí áirithe eile atá faoina réir, agus bronnann sé cearta áirithe ar dhaoine aonair teacht ar thaifid na gcomhlachtaí atá i gceist.

Scéim Foilsithe

Le teacht ar fhaisnéis a éascú, ceanglaítear san Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 ar chomhlacht SF faisnéis a fhoilsiú fút féin i gcomhréir le scéim foilseacháin samhla a d’fhaomh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is féidir teacht ar an bhfaisnéis a foilsíodh faoi scéim foilsithe an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh tríd an roghchlár ar chlé.

Do chearta

Tá ceart i dtaobh an mhéid seo a leanas agat: