An Chairt um Sheirbhís do Chustaiméirí

Cuireann an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh faisnéis, comhairle agus abhcóideacht neamhspleách ar fáil faoi sheirbhísí sóisialta agus poiblí trí citizensinformation.ie, tríd an tSeirbhís Teileafóin um Fhaisnéis do Shaoránaigh (0818 07 4000) agus tríd an líonra Seirbhísí um Fhaisnéis do Shaoránaigh. Táimid freagrach as an tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid agus cuirimid seirbhísí tacaíochta ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas. Cuirimid an saoránach i gcroílár gach a ndéanaimid agus leagann an Chairt seo amach na prionsabail atá mar bhunsraith ag ár seirbhísí.

Táimid tiomanta dóibh seo a leanas...

1. Faisnéis shoiléir, chuimsitheach, chruinn a chur ar fáil

Cuirfimid faisnéis shoiléir, mhionsonraithe ar fáil faoi sheirbhísí sóisialta agus poiblí le cabhrú leat do riachtanais a aithint agus do theidlíochtaí a rochtain.

2. Freagraí tapa, béasacha agus éifeachtacha

Beimid freagrúil do do riachtanais agus cuirfimid ár seirbhísí ar fáil go híogair agus go héifeachtach.

3. Comhionannas agus éagsúlacht

Beidh meas againn ar éagsúlacht agus cinnteoimid go mbeidh sé de cheart agat caitheamh go cothrom leat.

4. Rogha

Déanfaimid ár seirbhísí a leagan amach agus a chur ar fáil chun go bhféadfaidh tú iad a rochtain ar an mbealach is fearr a oireann duit.

5. Rochtain

Déanfaimid deimhin de go mbeidh ár seirbhísí agus ár n-oifigí lán-inrochtana. Téigh i dteagmháil lenár n-oifigeach Rochtana, ag an seoladh thíos nó chuig accessofficer@ciboard.ie.

6. Teangacha Oifigiúla

Cuirfimid ár seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge agus/nó sa dá theanga nuair a éilítear é sin.

7. Comhairliúchán agus measúnú

Rachaimid i gcomhairle leat chun do riachtanais a fháil amach nuair a bheidh ár seirbhísí á bhforbairt, á soláthar, agus á measúnú againn.

8. Custaiméirí Inmheánacha

Tabharfaimid tacaíocht dár bhfoireann le cinntiú go gcuirfidh siad seirbhís den scoth ar fáil dá chéile agus duitse.

9. Comhordú

Oibreoimid i ndlúthpháirtíocht le heagraíochtaí chun seirbhísí poiblí atá dírithe ar an saoránach a chur ar fáil.

10. Achomhairc

Beidh córas achomhairc agus athbhreithnithe againn nuair is cuí sin a bheidh inrochtana agus trédhearcach.

11. Nótaí tráchta agus gearáin

Is mian linn an tseirbhís is fearr ar bith a sholáthar duit agus cuirimid fáilte roimh nótaí tráchta faoinár seirbhísí. Téigh i dteagmháil lenár nOifigeach Seirbhísí do Chustaiméirí, Anne Marie Owens ag an seoladh thíos nó chuig AnneMarie.Owens@ciboard.ie