Faisnéis do Shaoránaigh

Tacaíonn agus seachadann an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh eolas trí thrí chainéal: ar líne, teileafón agus aghaidh ar aghaidh.

Faisnéis do Shaoránaigh Ar Líne

Tá faisnéis reatha, cuimsitheach ar citizensinformation.ie faoi sheirbhísí sóisialta agus poiblí in Éirinn.

Seirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh (CIPS)

Is seirbhís náisiúnta í CIPS, atá ar fáil ar 0818 07 4000, Luan go hAoine 9rn go 8in.

Ionaid Fhaisnéise do Shaoránaigh (CICanna)

Soláthraíonn CICanna faisnéis, comhairle agus abhcóideacht atá cothrom agus saor ar aisce ó bhreis agus 260 shuíomh ar fud na tíre.

Cuireann an suíomh gréasáin um Fhaisnéis do Shaoránaigh eolas ar sheirbhísí poiblí ar fáil don phobal i gcoitinne agus do sholáthróirí seirbhísí.

Freagraíonn an tSeirbhís Fóin um Fhaisnéis do Shaoránaigh iarratais ar an teileafón nó trí chainéil éagsúla eile lena n-áirítear ríomhphost nó Seirbhís Ghearrtheachtaireachtaí (SMS).

Cuireann na Seirbhísí um Fhaisnéis do Shaoránaigh seirbhís aghaidh ar aghaidh ar fáil don phobal trí líonra Ionaid Eolais do Shaoránaigh. Cuireann 42 Seirbhísí Eolais do Shaoranaigh eolas ar fáil do Shaoránaigh ó 268 ionaid. Cuireann Seirbhísí um Fhaisnéis do Shaoránaigh eolas saor, neamhchlaonta agus faoi iontaoibh ar fáil.

Táirgeann an Bord um Fhaisnéis do Shaoranaigh réimse leabhrán agus foilsiúchán do ghrúpaí éagsúla freisin lena n-áirítear foilsiúcháin do dhaoine scothaosta agus do dhaoine le míchumais. Tá siad sin ar fáil i bhformáidí éagsúla. Seiceáil ár rannóg foilsiúcháín ar líne.