Seirbhís um Fhaisnéis do Shaoránaigh

Cuireann Seirbhísí um Fhaisnéis do Shaoránaigh (SFS) seirbhís aghaidh ar aghaidh ar fáil don phobal. Tá siad tacaithe agus maoinithe ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoranaigh. Cuireann Seirbhísí um Fhaisnéis do Shaoránaigh eolas saor, neamhchlaonta agus faoi iontaoibh ar fáil. Clúdaíonn gach Seirbhís um Fhaisnéis do Shaoranaigh ceantar geografach cibé ar fud na tíre nó mar chuid de cheantar uirbeach agus seachadann a cuid seirbhísí trí líonra Ionaid Eolais do Shaoránaigh (IFS). Cuireann 42 Seirbhísí Eolais do Shaoranaigh eolas ar fáil do Shaoránaigh ó 268 ionaid. 106 Ionaid Eolais do Shaoránaigh atá anseo (54 lánaimseartha agus 52 páirtaimseartha) agus 162 seirbhísí for-rochtana.