An tSeirbhís Abhcóideachta Náisiúnta do Dhaoine faoi Mhíchumas

Cuireann an tSeirbhís Abhcóideachta Náisiúnta do Dhaoine faoi Mhíchumas seirbhís ionadaíoch neamhspleách rúnda agus saor in aisce abhcóideachta ar fáil a thugann tús áite don duine a úsáideann an tseirbhís agus a chloíonn leis na caighdeáin ghairmiúla is airde.

Oibríonn an SAN lena chinntiú go dtugtar an aird cheart ar thoil daoine atá faoi mhíchumas agus ar an rogha a dhéanann siad agus go gcosnaítear a gcearta nuair a dhéantar cinntí saoil.

Oibríonn an SAN de réir an phrionsabail a leanas maidir le daoine atá faoi mhíchumas:

Tá ag an SAN sainchúram ar leith le haghaidh daoine faoi mhíchumas atá scoite óna bpobal agus ó sheirbhísí, a bhfuil difríochtaí cumarsáide acu, nach bhfuil an chóiríocht cheart acu, a chónaíonn i seirbhísí cónaithe, a fhreastalaíonn ar sheirbhísí lae agus a bhfuil tacaíochtaí teoranta neamhfhoirmiúla nó nádúrtha acu.

Aistrigh an tSeirbhís Abhcóideachta Náisiúnta do Dhaoine atá faoi Mhíchumas le déanaí ó chúig Sheirbhís um Fhaisnéis do Shaoránaigh, atá freagrach as seirbhís abhcóideachta a sholáthar do dhaoine atá faoi mhíchumas ar fud a réigiúin, go dtí Seirbhís Náisiúnta amháin faoi Bhord Seirbhís Abhcóideachta Náisiúnta. Soláthraítear an tSeirbhís Abhcóideachta Náisiúnta trí cheithre réigiún agus trí Oifig Náisiúnta atá bunaithe i mBaile Átha Cliath.

Conas teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Abhcóideachta Náisiúnta do Dhaoine atá faoi Mhíchumas

Líne Chabhrach Náisiúnta: 0818 07 3000
Ríomhphost: info@advocacy.ie

An tSeirbhís Abhcóideachta Náisiúnta do Dhaoine atá faoi Mhíchumas,
An Oifig Náisiúnta,
C/O An Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh
Teach Ché Sheoirse
43 Sráid Chnoc na Lobhar
Baile Átha Cliath
D02 VK65

Is iad na ceithre réigiún seo:

Réigiún Lena n-áirítear
Mórcheantar Bhaile Átha Cliath Baile Átha Cliath, Fine Gall agus Cill Mhantáin
Réigiún an Oirthuaiscirt agus Lár Tíre An Cabhán, Laois, an Longfort, Lú, Cill Dara, an Mhí, Muineachán, Uíbh Fhailí, an Iarmhí
Réigiún an Iarthair An Clár, Dún na nGall, Gaillimh, Liatroim, Luimneach, Maigh Eo, Ros Comáin agus Sligeach
Réigiún an Deiscirt Ceatharlach, Corcaigh, Ciarraí, Cill Chainnigh, Tiobraid Árann, Port Láirge, Loch Garman

Déanann an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh tacaíocht agus cistiú a sholáthar don tSeirbhís Náisiúnta Abhcóideachta do Dhaoine atá faoi Mhíchumas.