Suíomh Gréasáin um Fhaisnéis do Shaoránaigh

Forbraíodh an láithreán gréasáin um Fhaisnéis do Shaoránaigh, citizensinformation.ie, chun freastal ar éilimh chustaiméara ar fhaisnéis chuimsitheach thapa agus a bhfuil rochtain gan stró uirthi ar chearta agus teidlíochtaí. Cuimsítear réimse leathan ábhar ar an láithreán gréasáin: leas sóisialach, cearta fostaíochta, teach a cheannach, bogadh thar lear, oideachas agus i bhfad níos mó.

Tá Faisnéis ar an láithreán gréasáin um Fhaisnéis do Shaoránaigh ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge araon. Chomh maith leis sin, tá réimse faisnéise ar fáil sa Fhraincis, sa Rómáinis agus sa Pholainnis.