An Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh Dualgas Earnála Poiblí agus Cearta an Duine Measúnú agus Plean Gníomhaíochta 2022 – 2024

Tá freagracht ar gach comhlacht poiblí in Éirinn an comhionannas a chur chun cinn, an t-idirdhealú a chosc agus cearta daonna a bhfostaithe, a gcustaiméirí, a n-úsáideoirí seirbhíse agus gach duine a dtéann a mbeartais agus a bpleananna i bhfeidhm orthu a chosaint. Is oibleagáid dhlíthiúil é seo, ar a dtugtar Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine, agus tháinig sé as Alt 42 den Acht um Chearta an Duine agus Comhionannas 2014.

Tá an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh (CIB) tiomanta do chinntiú go bhfuil cultúr measa ar chearta an duine agus ar chomhionannas i measc ár bhfoirne agus ar na daoine dá gcuirimid seirbhísí ar fáil. Tá measúnú déanta againn ar shaincheisteanna cearta daonna agus comhionannais a bhaineann lenár bhfeidhmeanna agus táimid sásta go bhfuil ár ndualgas san earnáil phoiblí á gcomhlíonadh againn mar atá leagtha amach san Acht um Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas 2014 . Mar mhodh chun prionsabail chearta an duine agus an chomhionannais a leabú tuilleadh agus a chur chun cinn, tá plean gníomhaíochta trí bliana ullmhaithe againn. Déanfar athbhreithniú ar an bplean gníomhaíochta seo ar bhonn bliantúil agus tabharfaimid tuairisc ar dhul chun cinn ar ghníomhartha ábhartha inár dTuarascáil Bhliantúil.

An Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh Dualgas Earnála Poiblí pdf document icon