Gearáin faoin Acht um Míchumas (teip ar alt 25, 26, 27, 28, 29 den Acht seo a chomhlíonadh)

Féadtar gearán a dhéanamh i gcoinne an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh (an BFS) mura gcomhlíonann siad forálacha Ailt 25, 26, 27 agus 28 den Acht um Míchumas, 2005. Baineann na hailt seo den Acht le rochtain ag daoine atá faoi mhíchumas ar an méid a leanas:

I gcomhréir le hAlt 39 (2) den Acht um Míchumas, 2005 (féach nóta 1 thíos), seo a leanas na nósanna imeachta chun na gearáin siúd a dhéanamh agus a fhiosrú.

Gearán a dhéanamh

Gearán a fhiosrú

Nóta 1:
Foráiltear in Alt 39 (2) go gcuirfidh ceann comhlachta phoiblí nósanna imeachta i dtoll a chéile i dtaca le gearáin a dhéanamh agus a fhiosrú agus na ceisteanna eile siúd a bhaineann le gearáin a mheasann sé nó sí is cuí agus cuirfidh sé nó sí faoi deara go bhfoilseofar na nósanna imeachta.

Nóta 2:
Cheap an Príomhfheidhmeannach, mar cheann an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh, i gcomhréir le forálacha Alt 39 (1) den Acht um Míchumas, 2005, Oifigeach Fiosrúchán chun gearáin a fhiosrú a dhéantar faoi Alt 38 den Acht um Míchumas. Beidh Oifigeach Fiosrúchán neamhspleách i bhfeidhmiú a fheidhmeanna nó a feidhmeanna. Tabharfaidh Oifigeach Fiosrúchán faoi fhiosrúchán go príobháideach.