Foilseacháin

Sa mhír seo den láithreán, féadfaidh tú rochtain a fháil ar théacs iomlán reatha leabhrán agus bileog reatha, Social Policy Update (tréimhseachán a thugann saincheisteanna beartais shóisialta chun solais).

Tá gach foilseachán ar fáil ar líne agus i gcló. Anuas air sin, féadtar iad a sholáthar i bhformáidí eile, ar nós braille, cló mór nó ar dhlúthdhiosca, ach sin a iarraidh. Déan teagmháil le d’Ionad um Fhaisnéis do Shaoránaigh áitiúil chun teacht ar leabhráin agus bileoga ar theidlíochtaí. Chun teacht ar fhoilseacháin agus ar fhormáidí eile, déan teagmháil le hOifig an BFS is gaire duit.

Tabhair faoi deara, le do thoil, go raibh an fhaisnéis sna foilseachán cothrom le dáta ag tráth an fhoilsithe. Chun teacht ar fhaisnéis chothrom le dáta ar athruithe ar rátaí íocaíochta, scéimeanna agus seirbhísí, tabhair cuairt, le do thoil, ar ár láithreán gréasáin, citizensinformation.ie.