Meáin Shóisialta

Láithreán gréasáin líonraithe shóisialta is ea Twitter a ligeann dá n-úsáideoirí teachtaireachtaí gearra (ar a dtugtar 'tvuíteanna') a sheoladh agus a fháil.

Tá cuntas Twitter @citizensinfo agus cuntas Assist Ireland @assistireland á bhainistiú ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh. Tá sé de chuspóir ag tvuíteanna forbairtí ar sheirbhísí poiblí agus sóisialta a chuimsiú.

Tá cuntas Twitter an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh á óstáil ag Twitter. Féadfaidh tú teacht ar bheartas príobháideachais Twitter ar láithreán gréasáin Twitter.

Féadtar atvuíteanna (teachtaireacht a thvuíteáil ó úsáideoir eile Twitter) a úsáid chun fógraí ábhartha a aibhsiú, go háirithe iad siúd ó chomhlachtaí eile Rialtais.

Fáiltímid teachtaireachtaí @. Go ginearálta, áfach, mar gheall ar chosc ar acmhainní, ní bheimid in ann freagra a thabhairt ar gach teachtaireacht a sheoltar.

Ní bheidh dualgas ar @citizensinfo agus @assistireland aon duine dár lucht leanúna a leanúint. Má leanaimid cuntas Twitter, ní chuireann sin aon saghas formhuinithe in iúl.

Ní mheastar gurb ionann teachtaireacht a sheoladh trí Twitter agus dul i dteagmháil leis an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh ar mhaithe le cuspóirí oifigiúla agus ní bheidh dualgas orainn chun monatóireacht a dhéanamh ar iarratais ar fhaisnéis trí chainéal Twitter. Ina ionad sin, iarraimid ort súil a chaitheamh ar ár sonraí teagmhála.

Bealtaine 2013