Seirbhísí inrochtaineachta

Is é tosaíocht straitéiseach de chuid an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh inrochtaineacht ar eolas, comhairle agus tacaíocht a bhreisiú le tagairt ar leith do ghrúpaí leochaileacha agus iad siúd is mó riachtanas. De ghnáth is iad grúpaí leochaileacha sa tsochaí is mó a mbíonn seirbhísí sóisialta agus sibhialta ag teastáil uathu ach d’fhéadfadh go mbeadh deacrachtaí móra acu rochtain a fháil orthu. Tá sé lárnach d’obair an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh bacainní ar rochtain a aithint agus tosaíochtaí a chur i bhfeidhm chun iad a shárú.

Tá sé mar aidhm againn faisnéis dírithe ar an gcustaiméar a chur ar fáil agus í a sheachadadh i mbealaí agus formáidí éagsúla inrochtana. Ciallaíonn sin go gcuirimid eolas ar fáil ar líne, trí theileafón, trí chló agus aghaidh ar aghaidh trínár líonra d’Ionaid Eolais do Shaoránaigh.

Le blianta beaga anuas tá baint againn le roinnt acmhainní breise a fhorbairt agus tá roinnt tiomantas déanta againn inrochtaineacht seirbhísí a chuirimid ar fáil a bhreisiú.

Amharc ar ár bhFoilsiúcháin Inrochtaineachta.