Foilseacháin Bheartais agus Taighde Shóisialta

Tugann an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh faoi thaighde sóisialta ar cheisteanna atá bunaithe ar aiseolas a thugtar dúinn. I measc na n-ábhar ar a ndéantar taighde, tá iad siúd atá ina n-ábhar buartha ar leith i measc daoine a bhfuil sochair agus seirbhísí sóisialta á bhfáil acu in Éirinn.

Anuas air sin, tugaimid faoi staidéar a dhéanamh ar an bpróiseas faisnéise sa tsochaí nua-aimseartha, agus molaimid bealaí chun feabhas a chur ar an bhfáil agus ar áisiúlacht faisnéise do shaoránaigh. Mar chuid dár ról i mbeartas sóisialta, foilsímid tuarascálacha agus treoirlínte beartais shóisialta, agus déanaimid aighneachtaí réamhbhuiséid i dtaca le saincheisteanna beartais shóisialta.