Foilseacháin Faisnéise

Cuireann an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh réimse leathan d’fhoilseacháin chlóite ar fáil chun tacú le faisnéis a sholáthar. I measc na bhfoilseachán seo, tá bileoga, bileoga fíricí, cairteacha balla agus leabhráin (an tsraith teidlíochtaí ina measc). Tá an tsraith teidlíochtaí dírithe ar ghrúpaí ar leith, ar nós fostaithe, daoine breacaosta, daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhí thíos le méala le déanaí.

Tá gach foilseachán ar fáil ar líne agus i gcló. Anuas air sin, féadtar iad a sholáthar i bhformáidí eile, ar nós braille, cló mór nó ar dhlúthdhiosca, ach sin a iarraidh.