Seirbhís Ateangaireachta na Teanga Comharthaíochta (an SATC)

Sign Language Interpreting Service Logo

Bunaíodh Seirbhís Ateangaireachta na Teanga Comharthaíochta (an SATC) in 2007 tríd an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh mar Sheirbhís náisiúnta Ateangaireachta Teanga Chomharthaíochta.

Soláthraíonn an SATC réimse fairsing seirbhísí, ina measc:

Chun iarraidh ar choinne SAIÉ, nó chun taispeántas a shocrú, seol ríomhphost, le do thoil, chuig remote@slis.ie.

Ráiteas Misin

Déanfaidh an SATC infhaighteacht ar sheirbhísí ardchaighdeáin ateangaireachta do dhaoine Bodhra in Éirinn a chur chun cinn, mar aon le hionadaíocht a dhéanamh don infhaighteacht agus tacaíocht a thabhairt di.

Cuspóirí Straitéiseacha

Is é sprioc an SATC a chinntiú gur féidir le daoine Bodhra maireachtáil mar shaoránaigh iomlána agus chothroma a bhfuil rochtain gan stró acu ar na seirbhísí ábhartha poiblí, oideachais agus sóisialta, agus a gcearta agus a dteidlíochtaí a fheidhmiú, iad siúd faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann agus um Míchumas ina measc.

Tugann an SATC gealltanas i gCáipéis Ráiteas Straitéise an SATC 2015-2020 don mhéid a leanas:

Sonraí Teagmhála don SATC

Seirbhís Ateangaireachta na Teanga Comharthaíochta
Deaf Village Ireland
Bóthar Ráth Tó
An Chabrach
Baile Átha Cliath 7
Guthán: 0818 07 8440
Guthán Póca: 087 980 6996
Ríomhphost: bookings@slis.ie
Láithreán Gréasáin: www.slis.ie