Comhairle Fiacha agus Airgid

Má tá fadhbanna agat le do mhorgáiste a íoc, d’fhéadfá bheith buartha go gcaillfeá do theach.

Labhair le d’iasachtóir. Munar féidir leat – labhair le MABS.

Tá seirbhís tiomnaithe neamhspleách, faoi rún, saor in aisce ag MABS anois i leith riaráistí morgáiste.

Is ionad ilfhreastail é MABS le haghaidh comhairle agus tarchur i leith fiachais mhorgáiste.

Is cuma cad é do chás, cabhróidh MABS leat an chéad chéim eile a aimsiú.

Glac smacht ar cad a tharlóidh anois.

Cuir glao ar MABS inniu ar 0818 07 2000 chun faisnéis, comhairle agus tarchur neamhspleách a fháil.



Seirbhís shaor, neamhspleách agus faoi iontaoibh is ea an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (SBCA) do dhaoine atá i bhfiacha nó faoi riosca dul i bhfiacha.

Déanann SBCA Náisiúnta don Lucht Siúil abhcóideacht ar son cuimsiú airgeadais an Lucht Siúil in Éirinn agus oibríonn sí leis an Lucht Siúil chun cumas airgeadais a mhéadú.

Tá 53 oifigí SBCA/MABS in Éirinn. Áirítear i seirbhísí SBCA/MABS:

Oibríonn oifigí SBCA/MABS ar chóras coinne. Is féidir leat sonraí teagmhála d’oifigí SBCA/MABS go léir a aimsiú ar an suíomh gréasáin MABS.

Tá líne chabhrach ag an SBCA/MABS freisin ar fáil ó 9am go 8pm, Luan go hAoine: 0818 07 2000. Is féidir le cliaint coinne a dhéanamh leis an oifig áitiúil tríd an uimhir líne chabhrach.

Tá SBCA/MABS tacaithe agus maoinithe ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoranaigh.