The Citizens Information Board is the national agency responsible for supporting the provision of information, advice, and advocacy. CIB funds and supports a range of Service Delivery Companies including the Citizens Information Services, the Money Advice and Budgeting Services, MABS Support, National Traveller MABS, the National Advocacy Service for People with Disabilities, the Sign Language Interpreting Service, and the Register of Irish Sign Language Interpreters.
Financial Compliance and Reporting Manager – Assistant Principal Grade
- Duration: Whole-time, Permanent Contract
- Location: This role will be based at CIB Head Office, George’s Quay House, 43 Townsend Street, Dublin 2, D02 VK65.
- CIB-funded service delivery companies are companies limited by guarantee and have charitable status, with the exception of RISLI, which does not have charitable status. These companies report to CIB on a cash basis. They also have financial compliance and reporting obligations under the Companies Act 2014, the Financial Reporting Council’s Financial Reporting Standard 102, the Charities Act 2009 and Charities Regulator reporting requirements.
- The Financial Compliance and Reporting team monitors and reports on the service delivery companies’ management of public funds and their compliance with legislative and regulatory requirements, as set out in their Service Level Agreements with CIB. The team determines annual operational grant allocations for the twenty-two service delivery companies and monitors and reports on their cumulative expenditure against budget. It validates the companies’ annual cash budget plans and mid-year cash budget reprofiling submissions. The team also maintains CIB’s Financial Controls and Reporting Requirements handbook and monitors company compliance through quarterly financial returns and internal audit reports.
- The Financial Compliance and Reporting team works closely with other CIB teams, including Operational Compliance and Reporting; Corporate Services; Standards and Development; and ICT, Digital and Data.
- Salary from (effective from 1 June 2026)
- The salary scale for this post is the standard Assistant Principal Officer Civil Service Equivalent: €83,113, €86,173, €89,277, €92,390, €95,499, €97,292, €100,427(LSI1), €103,576(LSI2)
*After 3
years’ satisfactory service at the maximum
**After 6 years’ satisfactory service at the maximum
An Application Form must be completed in full. Late applications and CVs submitted in place of the Application Form will not be accepted.
The application process is outlined in the Information Booklet, which is downloadable below.
Download the
Application Form (docx)
Download
the Candidate Pack(pdf) ![]()
Closing date: Monday, 23 November 2026 at 5.00pm
The Citizens Information Board is committed to providing equal opportunities for employment to all applicants. Applications will be reviewed and shortlisted for interview based on the merits, skills and experience demonstrated in the documentation supplied, regardless of gender, civil status, family status, sexual orientation, religion, age, disability, race, membership of the Traveller community.
Is é an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh an ghníomhaireacht náisiúnta atá
freagrach as tacú le soláthar faisnéise, comhairle agus abhcóideachta.
Maoiníonn agus tacaíonn an Bord le réimse de chomhlachtaí a sholáthraíonn
seirbhísí, lena n-áirítear Seirbhísí Faisnéise do Shaoránaigh, na Seirbhísí
Comhairle Airgeadais agus Buiséadaithe (MABS), tacaíocht do MABS, MABS
Náisiúnta do Lucht Siúil, an tSeirbhís Náisiúnta Abhcóideachta do Dhaoine faoi
Mhíchumas, an tSeirbhís Ateangaireachta Teanga Comharthaíochta, agus Clár na
nAteangairí Teanga Comharthaíochta Éireannacha.
Bainisteoir Comhlíonta Airgeadais agus Tuairiscithe – Príomhghrád Cúnta
Conradh: Lánaimseartha, Buan
Suíomh: Beidh an ról seo lonnaithe ag Príomhoifig CIB, George’s Quay House, 43 Sráid Townsend, Baile Átha Cliath 2, D02 VK65.
Is éard atá i gcuideachtaí soláthair seirbhíse arna maoiniú ag BFS cuideachtaí faoi theorainn ráthaíochta ag a bhfuil stádas carthanachta, seachas RISLI, nach bhfuil stádas carthanachta aige. Tá na cuideachtaí freagrach do BFS ar bhonn airgid. Tá oibleagáidí comhlíontachta airgeadais agus tuairiscithe orthu freisin faoi Acht na gCuideachtaí, 2014, faoi Chaighdeán um Thuairisciú Airgeadais 102 de chuid na Comhairle um Thuairisciú Airgeadais, faoi Acht Carthanas 2009 agus faoi cheanglais tuairiscithe an Rialálaí Carthanas.
Déanann an fhoireann um Chomhlíonadh agus Tuairisciú Airgeadais monatóireacht agus tuairisciú ar bhainistiú cistí poiblí na gcuideachtaí soláthair seirbhíse agus ar a gcomhlíonadh ceanglas reachtach agus rialála mar a leagtar amach ina gComhaontuithe Seirbhíse le BFS. Cinneann an fhoireann leithdháiltí deontais oibriúcháin bliantúla do na 22 cuideachta soláthair seirbhíse agus déanann sí monatóireacht agus tuairisciú ar a gcaiteachas carnach in aghaidh an bhuiséid. Bailíochtaíonn sí pleananna buiséid airgid bliantúla agus aighneachtaí athphróifílithe buiséid airgid lár bliana na gcuideachtaí. Ina theannta sin, coinníonn an fhoireann lámhleabhar BFS um Rialuithe Airgeadais agus Ceanglais Tuairiscithe agus déanann sí monatóireacht ar chomhlíontacht cuideachtaí trí thuairisceáin airgeadais ráithiúla agus tuarascálacha iniúchóireachta inmheánaí.
Oibríonn an fhoireann um Chomhlíonadh agus Tuairisciú Airgeadais go dlúth le foirne eile de chuid BFS, lena n-áirítear Comhlíonadh agus Tuairisciú Oibríochta, Seirbhísí Corparáideacha, Caighdeáin agus Forbairt, agus TFC, Digiteach agus Sonraí.
Tuarastal ó (i bhfeidhm ón 1 Meitheamh 2026)
Is é an scála tuarastail don phost seo an coibhéis chaighdeánach sa Státseirbhís do ghrád an Oifigigh Phríomha Chúnta: €83,113, €86,173, €89,277, €92,390, €95,499, €97,292, €100,427(LSI1), €103,576(LSI2)
*Tar éis 3 bliana de sheirbhís shásúil ar an
uasmhéid
**Tar éis 6 bliana de sheirbhís shásúil ar an uasmhéid
Ní mór Foirm Iarratais a líonadh isteach go hiomlán. Ní ghlacfar le hiarratais a thagann isteach ró-dhéanach, ná le CVanna a chuirtear isteach in áit na Foirme Iarratais.
Tá cur síos ar an bpróiseas iarratais sa Leabhrán Eolais, ar féidir é a íoslódáil thíos.
Íoslódáil an
Fhoirm Iarratais (docx)
Íoslódáil
an Leabhrán Eolais (pdf) ![]()
Dáta
Deiridh: Dé Luain, an 23 Samhain 2026 ar a 5 a chlog tráthnóna
Tá an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh tiomanta do dheiseanna comhionanna fostaíochta a chur ar fáil do gach iarratasóir. Déanfar athbhreithniú ar iarratais agus roghnófar iarratasóirí le haghaidh agallaimh bunaithe ar na cáilíochtaí, na scileanna agus an taithí a léirítear sna doiciméid a cuireadh isteach, gan aird ar inscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, gnéaschlaonadh, reiligiún, aois, míchumas, cine, ná ballraíocht i gComhphobal an Lucht Siúil.

