The Citizens Information Board (CIB) is the national agency responsible for supporting the provision of information, advice and advocacy. CIB funds and supports a range of Service Delivery Companies, including the Citizens Information Services, the Money Advice and Budgeting Services, MABS Support, National Traveller MABS, the National Advocacy Service for People with Disabilities, the Sign Language Interpreting Service and the Register of Irish Sign Language Interpreters
Higher Executive Officer, Financial Compliance and Reporting
- Duration: Whole-time, Permanent Contract
- Location: Citizens Information Board, George's Quay House, 43 Townsend Street, Dublin 02 D02 VK65
- Role: The Financial Compliance and Reporting team is responsible for monitoring and reporting on the financial management of public funds by Service Delivery Companies, including financial compliance, budget oversight, financial reporting and financial controls.
- The Higher Executive Officer, Financial Compliance and Reporting, will play a key role in the effective financial oversight of a designated cohort of Service Delivery Companies. The postholder will be responsible for reviewing and analysing financial information, monitoring budget performance and compliance with financial control requirements, validating financial submissions, identifying and escalating financial risks, and providing clear reporting and advice to the Financial Compliance and Reporting Manager. The role will also involve regular engagement with Service Delivery Companies, internal and external auditors, relevant internal teams and financial systems providers to support effective governance, accountability and the appropriate management of public funds.
- Salary from 1st June 2026:
The salary scale for this post is the standard Higher Executive Officer Civil Service Equivalent: €€60,029, €61,785, €63,537, €65,286, €67,044, €68,792, €72,526, €75,132*(LSI1), €78,698**(LSI2)
*After 3
years’ satisfactory service at the maximum
**After 6 years’ satisfactory service at the maximum
An Application Form must be completed in full (late applications and CVs not accepted). The application process is outlined in the Information Booklet, which is downloadable below
Download the
Application Form (docx)
Download
the Candidate Pack(pdf) ![]()
Closing date: Monday September 21st, 2026, at 5pm
The Citizens Information Board is committed to providing equal opportunities for employment to all applicants. Applications will be reviewed and shortlisted for interview on the merit, skills and experience detailed in the documentation supplied, regardless of gender, age, sexual orientation, civil status, family status, religion, disability, race, or membership of the Traveller community
Is é an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh (BFS) an ghníomhaireacht náisiúnta atá
freagrach as tacú le soláthar faisnéise, comhairle agus abhcóideachta.
Maoiníonn agus tacaíonn an BFS le Cuideachtaí Seachadta Seirbhíse éagsúla lena
n-áirítear na Seirbhísí um Fhaisnéis do Shaoránaigh, an tSeirbhís Bhuiséadta
agus Chomhairle Airgid, MABS Support, an tSeirbhís Abhcóideachta Náisiúnta do
Dhaoine faoi Mhíchumas, Seirbhís Ateangaireachta na Teanga Comharthaíochta,
agus Clár na nAteangairí Teanga Comharthaíochta in Éirinn
Ardoifigeach Feidhmiúcháin, Comhlíonadh agus Tuairisciú Airgeadais
Conradh: Lánaimseartha, Buan
Suíomh: An Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh, Teach Ché Sheoirse, 43 Sráid an Bhaile, Baile Átha Cliath 02 D02 DR67
Ról: Tá an fhoireann um Chomhlíonadh agus Tuairisciú Airgeadais freagrach as monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar bhainistiú airgeadais cistí poiblí arna dhéanamh ag Cuideachtaí Soláthair Seirbhíse, lena n-áirítear comhlíonadh airgeadais, maoirseacht buiséid, tuairisciú airgeadais agus rialuithe airgeadais.
Beidh ról lárnach ag an Ardoifigeach Feidhmiúcháin, Comhlíonadh agus Tuairisciú Airgeadais, maidir le maoirseacht airgeadais éifeachtach a dhéanamh ar chohórt ainmnithe de Chuideachtaí Soláthair Seirbhíse. Beidh an sealbhóir poist freagrach as athbhreithniú agus anailís a dhéanamh ar fhaisnéis airgeadais, as monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht buiséid agus ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le rialú airgeadais, as aighneachtaí airgeadais a bhailíochtú, as rioscaí airgeadais a shainaithint agus a chur ar aghaidh, agus as tuairisciú soiléir a dhéanamh agus comhairle a thabhairt don Bhainisteoir Comhlíonta agus Tuairiscithe Airgeadais. Beidh teagmháil rialta le Cuideachtaí Soláthair Seirbhíse, le hiniúchóirí inmheánacha agus seachtracha, le foirne inmheánacha ábhartha agus le soláthraithe córas airgeadais i gceist leis an ról freisin chun tacú le rialachas éifeachtach, cuntasacht agus bainistiú cuí cistí poiblí.
Tuarastal ón 1 Meitheamh 2026
Is é an scála tuarastail don phost seo ná Coibhéis chaighdeánach Seirbhíse Sibhialta d'Ardoifigeach Feidhmiúcháin: €60,029, €61,785, €63,537, €65,286, €67,044, €68,792, €72,526, €75,132*(LSI1), €78,698**(LSI2)
*Tar éis 3 bliana de sheirbhís shásúil ar an
uasmhéid
**Tar éis 6 bliana de sheirbhís shásúil ar an uasmhéid
Ní mór Foirm Iarratais a chomhlánú ina hiomláine (ní ghlactar le hiarratais
dhéanacha ná le CVanna). Tá cur síos ar an bpróiseas iarratais sa Leabhrán
Faisnéise atá le híoslódáil thíos
Íoslódáil an
Fhoirm Iarratais (docx)
Íoslódáil
an Leabhrán Eolais (pdf) ![]()
Dáta
Deiridh: Dé Luain 21 Meán Fómhair, 2026, ag 5pm
Tá an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh tiomanta do chomhdheiseanna fostaíochta
a chur ar fáil do gach iarratasóir. Déanfar iarratais a athbhreithniú agus a
chur ar ghearrliosta le haghaidh agallaimh ar an bhfiúntas, na scileanna agus
an taithí a shonraítear sna doiciméid a sholáthraítear, beag beann ar inscne,
aois, gnéaschlaonadh, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, reiligiún, míchumas,
cine, nó ballraíocht den lucht siúil
