CIB at FÍS 2026/BFS ag FÍS 2026

Ar an 12 Márta 2026, bhí lá gnóthach rathúil ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh ag FÍS 2026 in Ionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath. Is éard atá i gceist le FÍS comhdháil Ghaeilge nua lena dtugtar le chéile scoláirí, gairmithe óga, cruthaitheoirí agus eagraíochtaí Gaeilge chun fiosrú a dhéanamh ar conas atá an todhchaí á múnlú leis an nGaeilge.

D’fhreastail níos mó ná 5,000 duine ar an imeacht agus stop scoláirí ó gach cearn d’Éirinn ag ár seastán chun leabhrán Fágála Scoile 2026 a phiocadh suas, teacht ar an réimse tacaíochtaí atá le fáil ar citizensinformation.ie agus dul chun cainte go díreach leis an bhfoireann as Gaeilge. Bhí tóir ar leith ar ár quizeanna idirghníomhacha lena bhfiosraítear citizensinformation.ie. Deis den scoth a bhí san imeacht d’fhoireann BFS nascadh go díreach le daoine óga agus faisnéis phraiticiúil inrochtana a chur chun cinn maidir leis an saol tar éis na scoile.

Imeacht Gaeilge a bhí in FÍS 2026 inar seoladh na gnéithe uile den chomhdháil trí mheán na Gaeilge, rud a leagann béim ar ról lárnach na teanga san oideachas, san obair agus sa saol laethúil.

----------------------

The Citizens Information Board had a busy and successful day at FÍS 2026 in the Convention Centre Dublin on 12 March 2026. FÍS is a new Irish language conference bringing students, young professionals, creators and Irish language organisations together to explore how Irish is shaping the future.

Over 5,000 people attended the event and students from all over Ireland stopped at our stand to pick up the 2026 Leaving School booklet, discover the range of supports available on citizensinformation.ie and chat directly with the team as Gaeilge. Our interactive quizzes exploring citiensinformation.ie proved especially popular. The event was an excellent opportunity for the CIB team to connect directly with young people and promote practical, accessible information about life after school.

FÍS 2026 was an Irish language event, with all aspects of the conference conducted through Irish, underscoring the central role of the language in education, work and everyday life.

An fhoireann Ábhar Digiteach ag FÍS 2026/ The Digital Content team at FÍS 2026

An fhoireann Ábhar Digiteach ag FÍS 2026/ The Digital Content team at FÍS 2026

Seasamh an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh ag FÍS 2026/ The Citizens Information Board stand at FÍS 2026

Seasamh an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh ag FÍS 2026/ The Citizens Information Board stand at FÍS 2026