Ráiteas príobháideachais agus fianán
Tá an láithreán gréasáin, citizensinformationboard.ie, á chothabháil ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh, gníomhaireacht reachtúil atá freagrach as seirbhísí faisnéise, comhairle agus abhcóideachta a chur ar fáil don phobal in Éirinn. Tugann an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh aitheantas iomlán don cheart príobháideachais atá agat agus ní bhaileoidh siad aon fhaisnéis phearsanta fút ar an láithreán gréasáin seo gan toiliú soiléir a fháil ar dtús uait. Déileálfar leis an bhfaisnéis phearsanta a thugann tú de réir na gcaighdeán slándála agus rúndachta is airde, agus cloífidh siad go dian leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988-2003.
Baineann an ráiteas seo lenár gcleachtais phríobháideachais maidir leis an láithreán gréasáin seo. Nílimid freagrach as ábhar ná cleachtais phríobháideachais láithreáin ghréasáin eile. Mínítear cuid de na téarmaí teicniúla a úsáidtear sa ráiteas seo ag deireadh an leathanaigh seo.
Bailiú agus úsáid faisnéise pearsanta
Ní bhailíonn láithreán gréasáin citizensinformationboard.ie aon sonraí pearsanta, seachas faisnéis a thugann tú féin go toiliúil. (Mar shampla, má chuireann tú aiseolas chugainn nó má chuireann tú ceist orainn). Ní úsáidtear aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar an mbealach seo ach le haghaidh na haidhme ar chuir tú ar fáil í.
Faisnéis a bhailímid go rialta
Is féidir linn an fhaisnéis seo a leanas a bhailiú ó gach úsáideoir den láithreán:
- Faisnéis staitistiúil (seoladh IP agus óstainm, leagan an bhrabhsálaí gréasáin, an córas oibriúcháin, an gléas a úsáideadh, na leathanaigh ar ar tugadh cuairt etc.)
- Seoladh an láithreáin ghréasáin dheireanaigh ónar bhain tú ár láithreán amach, lena n-áirítear aon téarmaí cuardaigh a úsáideadh
- Seoltaí seachtracha gréasáin a dtugtar cuairt orthu trí naisc a chliceáil ar citizensinformationboard.ie
- Faisnéis eile a sheoltar ar aghaidh i bhfoirmeacha, mar shampla, má sheolann tú ar aghaidh do shonraí pearsanta nuair a bhíonn foirm á hiarraidh agat nó aiseolas á chur ar fáil agat
Céard dó a n-úsáidimid an fhaisnéis
Ní úsáidfear aon fhaisnéis phearsanta a sholáthraíonn tú ach amháin le haghaidh na haidhme ar chuir tú ar fáil í. Má dhéanann tú iarratas ar fhoirm, seolfar na sonraí a soláthraíodh ar aghaidh go dtí an Rannóg nó an Ghníomhaireacht fhreagrach. Is é an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh a láimhseálfaidh aon cheisteanna a chuirtear isteach. Scriosfar do shonraí ón gcóras i ndiaidh tréimhse áirithe ama. Ní úsáidtear aon fhaisnéis eile a bhailítear ach le hanailís a dhéanamh ar phatrúin úsáide, le treoir a thabhairt dúinn maidir le feabhas a chur ar an láithreán.
Ní dhéanfaidh an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh iarrachtaí chun cuairteoirí ar leith a aithint, ná na sonraí teicniúla a liostaítear thuas a cheangal le haon duine. Ní bhainfear úsáid as an bhfaisnéis ach ar mhaithe le haidhmeanna staitistiúla agus aidhmeanna eile a bhaineann leis an riarachán.
Ba chóir duit a thabhairt faoi deara nach “sonraí pearsanta” iad mionsonraí teicniúla nach féidir linn a cheangal le haon duine inaitheanta ar leith chun críocha na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988-2003.
Fianáin
Is píosaí beaga faisnéise fianáin, a stóráiltear i gcomhaid shimplí téacs, a chuireann láithreán gréasáin ar do ríomhaire. Féadfaidh an láithreán gréasáin roinnt fianán a léamh nuair a thugann tú cuairt ar an láithreán arís. D’fhéadfadh an fhaisnéis a stóráiltear i bhfianán baint le do ghnáthaimh bhrabhsála ar an leathanach gréasáin, nó le huimhir uathúil aitheantais ionas gur féidir leis an láithreán gréasáin “cuimhne” a bheith ort nuair a fhilleann tú air arís. Scriostar fianáin eile nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí agus ní bhaineann siad ach le hoibriú an láithreáin ghréasáin. Go ginearálta, ní chuimsíonn fianáin faisnéis phearsanta ónar féidir leat bheith sainaitheanta, murar thug tú an fhaisnéis sin don láithreán gréasáin.
Úsáideann citizensinformationboard.ie fianáin i roinnt áiteanna.
- Nuair a thugann tú cuairt i dtosach ar citizensinformationboard.ie, feicfidh tú teachtaireacht a chuireann ar an eolas thú faoi fhianáin. Má chliceálann tú ar an gcnaipe ‘Folaigh an teachaireacht seo’, socróidh citizensinformationboard.ie fianáin a chuirfidh i dtaifead do rogha.
- Socraíonn an láithreán gréasáin seo fianáin mar chuid de na staitisticí láithreán gréasáin a bhailímid. Chun seo a dhéanamh, úsáidimid pacáiste bogearraí ar a dtugtar 'Piwik', a dhéantar a óstáil ar fhreastalaí an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh.
- Úsáideann an láithreán gréasáin seo Google Custom Search chun feidhmíocht chuardaigh an láithreáin a chur ar fáil. Féadfaidh Google fianáin a shocrú nuair a úsáideann tú an fheidhm chuardaigh. Féadfaidh tú teacht ar bheartas príobháideachais Google anseo: www.google.com/policies/privacy/.
Ligfidh tromlach na mbrabhsálaithe duit fianáin a mhúchadh nó chun do chuid socruithe a oiriúnú le haghaidh fianán. Chun teacht ar fhaisnéis ar conas seo a dhéanamh, féach ar an roghchlár ‘Cabhair’ ar do bhrabhsálaí. Tabhair faoi deara, le do thoil, má mhúchann tú fianáin, nó má athraíonn tú do chuid socruithe, tharlódh nach n-oibreodh roinnt gnéithe de citizensinformationboard.ie i gceart.
Tuilleadh Faisnéise nó iarratas a dhéanamh
Má tá imní ort faoin mbealach a phróiseáiltear sonraí pearsanta tríd an láithreán gréasáin seo, ná bíodh aon drogall ort an imní seo a chur in iúl dúinn tríd an bpost ag an seoladh a leanas:
Gluais na dtéarmaí teicniúla a úsáidtear
Brabhsálaí Gréasáin
An píosa bogearra a úsáideann tú le leathanaigh ghréasáin a léamh. Is samplaí iad Microsoft Internet Explorer, Mozilla Firefox agus Opera.
Seoladh IP
Sonraí aitheantais do ríomhaire (nó ríomhaire do chuideachta ghréasáin), a chuirtear in iúl i gcód prótacal idirlín (mar shampla 192.168.72.34). Tá seoladh uathúil IP ag gach ríomhaire atá ceangailte leis an ngréasán, cé nach ionann an seoladh i gcónaí gach uair a dhéantar ceangal.

