The Citizens Information Board, as Comhairle, became subject to the requirements of the Freedom of Information Act 1997 from 1 October 2001. The Freedom of Information (FOI) Acts 1997 and 2003 impose various duties on public bodies which are subject to it, and give certain rights to individuals to access the records of the public body concerned.
The Citizens Information Board's primary activity is the provision and dissemination of information about public services. Information about its functions, activities and decision-making processes is publicly and routinely available. Under the terms of the FOI Acts, the Board is required to make information about itself available in the manner required by the legislation.
The third edition of the Reference Manual prepared in accordance with the terms of Section 15 and 16 of the Freedom of Information Acts 1997 and 2003 was compiled in January 2010. It outlines the Citizens Information Board's obligations under the Acts and how it fulfils those obligations. It describes the functions and activities of the Citizens Information Board and the records held.
The Manual is in two parts:
Freedom of
Information Manual (pdf) ![]()
Freedom of
Information Manual (Word) ![]()
“Comhairle” an t-ainm a thugtaí ar an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh nuair a bunaíodh é agus bhí sé faoi réir cheanglais an Achta um Shaoráil Faisnéise 1997 ón 1 Deireadh Fómhair 2001. Leagann na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003 dualgais éagsúla ar na comhlachtaí poiblí lena mbaineann siad, agus tugann siad cearta áirithe do dhaoine aonair taifid an chomhlachta poiblí atá i gceist a rochtain.
Is é príomhghnó an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh ná faisnéis faoi sheirbhísí poiblí a sholáthar agus a scaipeadh i measc an phobail. Bíonn faisnéis faoi fheidhmeanna, faoi ghníomhaíochtaí agus faoi phróisis chinnteoireachta an Bhoird ar fáil go poiblí sa ghnáthchúrsa. Tá sé de cheanglas ar an mBord faoi réir théarmaí na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise faisnéis a chur ar fáil mar gheall air féin agus é sin a dhéanamh ar an mbealach a éilíonn an reachtaíocht.
Tiomsaíodh agus ullmhaíodh an tríú heagrán den Lámhleabhar Tagartha faoi réir théarmaí Alt 15 agus 16 den Acht um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003 in Eanáir 2010. Tugann sé cuntas ar dhualgais an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh faoi na hAchtanna sin agus conas a chomhlíonann sé na dualgais sin. Déanann sé cur síos ar fheidhmeanna agus ar ghníomhaíochtaí an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh agus ar na taifid atá aige.
Tá dhá chuid sa Lámhleabhar:
Lámhleabhar um
Shaoráil Faisnéise (pdf) ![]()
Lámhleabhar um
Shaoráil Faisnéise (Word) ![]()
